School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Dursey Island, Co. Cork
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 018](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0274%2FCBES_0274_018.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 018
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí an Mhaighdean Mhuire a siubhal roimpi fadó agus ár dTighearna in aonfacht léi, do chuadar isteach i dtig oidhche amháin. Do dhein bean ’a tighe leabaidh dóibh ar an úrlár agus colg a chuir sí fútha. Níor thaithn san len a fear in ao’ chor agus dubhairt sé leabaidh eile do chur fútha –
leabhaidh de thuighe, ach ní dhéanfadh sí san. Chaith ár dTighearna agus a mháthair dul a chodladh ar an gcolg agus i rith na h-oídhche buaileadh an fear breoidhte agus bhí sé go donnaidhe – bhí sé a fagháil bháis.D’éirigheadar ar maidin – ár dTighearna agus a Mháthair – agus d’imthigheadar ortha a siubhal arís agus nuar a bhíodar tamall ó’n dtig dubhairt sí leis gur mhór an truagh an fear a bheith a fagháil bháis agus teacht agus é shaoradh – gur mhór a truagh ar fad é bheith a fagháil bháis, go raibh a’ fear go maith. Thug sé (ár dTighearna) an t-eiteach di, ná tiocfadh, ach do lean sí air, agus sa deireadh thánadar araon(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Gender
- Female
- Address
- Kilmichael, Co. Cork