Scoil: Craig Dhubh

Suíomh:
An Chreig, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Mac Giobúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 415

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 415

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Craig Dhubh
  2. XML Leathanach 415
  3. XML “Feenone”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Diarmuid ná Gráinne.
    Annsin tháinig ruibh ar Fionn arís agus an chéad oidhche eile d' fáisg sé an ordóg fá'n bhfiacal arís agus dún a shúile.
    "Feicim iad ar seisean anocht in a gcodladh ar leabaidh fraoigh. Cuartuighid an portach!"
    Amach leó ag cuartú an chinn eile de'n bhaile an portach, acht b'in a raibh dá barr aca, acht fearacht an chéad oidhche.
    Fionn a bhí sa sáinn annsoin. Lean sé mar sin ar feadh tamaill mhóir leis an ordóig agus an bhfiacal. Acht an oidhche a d' feicfeadh sé an bheirt in a gcodladh ar an bhfraoch b'in an oidhche a bheadh siad a cois fairrge, agus an oidhche a d' feicfeadh sé iad ar an ngaineamh bheadh an bheirt ag an gceann eile de'n bhaile sa bhfraoch ar an mála gainimh.
    Ag faire is mó a chaith Diarmuid chuid ama. Gach maidin ghlaodadh sé ar Gráinne agus deireadh sé leithe,
    "Fígh Anonn".
    sé sin a bealac a dhéanamh go h-íseal (le na claidheacaibh) go dtí an ceann eile de'n bhaile agus d' fan "Fígh anonn" mar ainm ar an áit o shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Fionnúin, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    S. Mac Guibiún
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    John Kerrigan
    Inscne
    Fireann