School: Craig Dhubh
- Location:
- Cregduff, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Mac Giobúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Craig Dhubh
- XML Page 415
- XML “Feenone”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Diarmuid ná Gráinne.Annsin tháinig ruibh ar Fionn arís agus an chéad oidhche eile d' fáisg sé an ordóg fá'n bhfiacal arís agus dún a shúile.
"Feicim iad ar seisean anocht in a gcodladh ar leabaidh fraoigh. Cuartuighid an portach!"
Amach leó ag cuartú an chinn eile de'n bhaile an portach, acht b'in a raibh dá barr aca, acht fearacht an chéad oidhche.
Fionn a bhí sa sáinn annsoin. Lean sé mar sin ar feadh tamaill mhóir leis an ordóig agus an bhfiacal. Acht an oidhche a d' feicfeadh sé an bheirt in a gcodladh ar an bhfraoch b'in an oidhche a bheadh siad a cois fairrge, agus an oidhche a d' feicfeadh sé iad ar an ngaineamh bheadh an bheirt ag an gceann eile de'n bhaile sa bhfraoch ar an mála gainimh.Ag faire is mó a chaith Diarmuid chuid ama. Gach maidin ghlaodadh sé ar Gráinne agus deireadh sé leithe,
"Fígh Anonn".
sé sin a bealac a dhéanamh go h-íseal (le na claidheacaibh) go dtí an ceann eile de'n bhaile agus d' fan "Fígh anonn" mar ainm ar an áit o shoin.- Collector
- S. Mac Guibiún
- Gender
- Male
- Informant
- John Kerrigan
- Gender
- Male