Scoil: Cnoc a Logha
- Suíomh:
- Troiste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Maoildeirg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc a Logha
- XML Leathanach 002
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An oidhche in a dhiaidh sin rinne sé mar dubhradh leis agus nuair a shuidhe sí ar an gcarraig, thuit sí agus thionntuig sí isteach i gcnap mór óir. Bhí poll faoi an gcarraig agus rith an cnap siar faoi. Rith an fear abhaile leis an scannradh a fuair sé agus níor innis sé de duine ar bith beo céard a tharla do.
Direach lá agus bliadhain in a dhiaidh sin chonnaic Michil Tom cat mór bán le suilibh móra glasa agus gan iorball ar bith air. Bhí sé in a shuidhe ar an gcarraig agus lampa an-bheag thart ar a mhuinnéal. Chuir sé ruaig ar an gcat agus fuair sé pota oir san áit a bhí an cat in a shuidhe. Ó shoin amach bhí sé saidhbhir acht oidhche amháin nuair a bhí sé ag teact abhaile o torramh leis fein sguab na sideoga é agus ní fhaca duine ar bith é o shoin amach.
Tá solus beag le feiceál in aice na carraige go foill agus tá faitcios ar 'chuile dhuine a bhfuil fhios aige faoi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlin Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo