Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 249

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 249

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 249
  3. XML “Seán agus Mac Dhomhnaill an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán agus Mac Domhnaill an Óir
    Bhí fear iongantach saidhbhir ins an domhan thiar aon uair amháin ar b’ainm do Domhnall an Óir. Nuair a bhí sé ag fághail bháis scairt sé ar an ghasúr a bhí ar fástódh aige a theacht chuige go raibh gnaithe aige leis. Ba é seo an rud a dubhairt Domhnall leis an ghasúr. “A Sheáin, tá cuig sheomra dhéag in mo theach, ach tá ceann amháin aca nach dtug leat é fhosgadh do mo mhac go deó. Anois tá mé sásta bás a fhághail ma geallann tú domh nach bhfosglochaidh tú an doras go bráth dó.”
    “Ar ndóighe,” arsa Seán, “nach bhfuil a fhios agat go ndeánfadh mise an rud a iarrfas tú orm. Luigh Domhnall siar annsin agus fuair sé bás.
    Trí mhí ina dhiaidh seo bhí Seán agus an mac ag siubhal fríd na seomraí uilig ag amharc ar na rudaí deasa a bhí ag Domhnall ionnta. Tháinic siad go dtí seomra amháin agus ba é seo an seomra nach raibh cead ag Seán a thaisbeáint dó. Nuair a chonnaic sé nach bfosglocadh Seán an doras do bhris sé féin an doras le tuagh goirid leathan. Caidé bhí astoigh ins an tseomra ach pioctúir cailín óg nach raibh a leithéid ar an domhan seo ariamh. Nuair a chonnaic sé an pioctúr thuit sé i laige ar an urlár. Fá chionn tamaill tháinig sé chuige fhéin agus d’innis sé dó go rabh an cailín seo ins an domhan thoir agus go rachadh siad fá n-a coinne ar bhéal maidhne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall