Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 219
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean ann uair amháin agus bhí triúr ingneach aicí. Bhí an cailín a ba sine aca ceithre bliadhna déag nuair a fuair a h-athair bás.”
Bhí bean ann uair amháin agus bhí triúr ingneach aicí. Bhí an cailín a ba sine aca ceithre bliadhna déag nuair a fuair a h-athair bás. Bhí an beantreabhach bocht fágtha agus ní rabh aon pighinn aicí. Lá amháin d’iarr an mháthair ar an inghean a ba sine a dhul agus a cuid a saothrughadh díthe fhéin.
D’imthigh an cailín léithe. Shiubhail sí léithe giota fada agus sa deireadh tháinic sí fhad le tobair a rabh madadh ina shuidhe ag n-a taobh. D’fhiafruigh an cailín dó’n mhadadh an rabh a fhios aige áit ar bith a bfuigheadh sí fastódh ann. “Tá a fios,” arsa’n madadh, “tá teach síos ansin agus ní’l ann ach sean-bhean agus gheobhadh tú fastódh ann.”
“Maith go leor,” arsa’n cailín. D’imthigh sí léithe síos agus tháinic an tsean-bhean go dtí an doras, bhí fiacla aicí comh fada le claidheamh agus chuir sí ceist air an chailín an rabh fastódh a dhioghbhail uirthí. Dubhairt an cailín go rabh. An tráthnóna sin d’iarr an tsean-bhean ar an cailín dhul amach agus siothlán. D’iarr an tsean-bhean uirthí a cionn a chíoradh dithe. Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall