Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “An Cliabh Cáinte agus Mac A Bháird”
  4. XML “An Bheirt Dearthárach, Pádraig agus Mícheal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do ghaothsáin i dtóin an mhadaidh. Ó, bó! bó!” arsa’n Chliabh Cháinte, nuair atá an gasúr comh cliste sin goidé mar chaithceas Mac a Bháird é fhéin a bheith agus mar sin de is fearr domh é fhágail ins an áit a bhfuil sé. Nuair a chualaidh Mac A’ Bháird an scéal seo dubhairt sé leis an ghasúr go dtabhairfeadh sé a inghean do le pósadh.
    Pósadh an bheirt aca cupla lá ina dhiaidh sin agus bhí mise thiar faoi’n tábla ag ithe na gcnámh.
    Maighread Ní Chinnéide, Cró Phádraig, Clochán Liath, Tírchonaill
    Sgéalaidhe: Seán Ó Cinnéide, Cró Phádraig, Clochán Liath. 63 bliadhan
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Bheirt Deartbhárach, Pádraig agus Mícheal.
    Bhí beirt deartbhárach ann fada ó shoin. Chuaidh siad go hAlbainn. Dáta goirid ama indiaidh dul go hAlbainn fuair Mícheal bás agus bhí Pádraig buadhartha i gceart indiaidh bás Mhíchil.
    Chuaidh sé isteach ag sagart agus dubhairt sé leis an tsagart go dtabhairfeadh sé punt do dá gcuireadh sé Mícheal na bFlaitheas. Dubhairt an sagart ar ndoighe go gcuirfeadh. Chuir an sagart air a ríbin, léigh sé tamall agus dubhairt le Pádraig go raibh sé ar an bhealach na bPlaitheas. Thug Pádraig cúig scillinge do. Leigh an sagart tamall eile “Seo,” arsa Pádraig. “Maith go leor,” arsa an sagart agus dubhairt sé le Pádraig go raibh sé leath-bhealaigh na bhFlaitheas. Thug Pádraig cúig scillinge
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Niall Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na hAgalla, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    Na hAgalla, Co. Dhún na nGall