Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “An Dóigh a dTeachaidh Cormac Mac Airt chun na bhFlaitheas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Dóigh a dTeachaidh Cormac Mac Airt ‘un na bhFlaitheas.
    Le linn Naomh Pádraig i nÉirinn bhíodh sé ag taisteal na tíre i gcomhnuidhe agus nuair a d’éirigh sé aosta ní rabh sé a n-innibh siubhal agus théigeadh sé thart i gcarbaid. Bíodh giolla aige sa charbad ag tiomaint na n-each.
    Tráthnóna amháin bhí sé fhéin agus an giolla ag teacht ‘na bhaile agus leis an aois agus leis an tuirse tháinic néall codlata ar Phádraig san charbad.
    Tháinic siad go dtí áth ar abhainn mhóir éiginteacht is ní rachadh na heic trasna an átha. Rinne an giolla a dhícheall leis na heic a mhealladh thar an uisge, ach ní rabh gar dó ann. Thósuigh sé ortha leis an tslait, agus thósuigh siad a léimnigh, ach oiread is troigh ní rachadh siad trasna an átha. Leis an tormán mhusgail Pádraig agus chonnaic sé rud nach bhfaca an giolla. Chonnaic sé sgáile ins an aer ós cionn an átha. “Ma’s duine thú a bhí ariamh i gcolainn daonda ar an tsaoghal seo” arsa Pádraig, “labhair liom anois i n-ainm Dé.”
    Labhair an sgáile agus dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Fhirghil
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann