Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 351

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 351

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 351
  3. XML “Mo Chailín Donn”
  4. XML “Bean an Fhir Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní thearn mé nídh ar bith, indiu, na'n lá sin,
    Mar' ndeanfainn gaire, nó tamall grinn;
    'S a phobail phairtigh, bíodh súil chinn trágha agaibh;
    Ní sgaileadh grádh ar bith bheith deánamh grinn.
    Brígid Bhean Uí Bhaoighill, Loch an Iubhair, a d'aithris, 1923.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bean an Fhir Ruaidh
    Cailín deas bán bhfuil dralladh deas ann do ghruaidh
    An feasach duit an nídh sin a chlaoidfeadh aigne an Fhir Ruaidh?
    Dá mba liom na seacht dtíortha, díolfainn lao amach go lá'n Luain,
    Ach aon phóg amach 's a fhághail ó Bhean an Fhir Ruaidh.
    2
    Ní'l a'n tslat ins an choill nach lúbfaidh bun ar a bhárr.
    Níl a'n iasg ar an linn nach n-éireochaidh amuigh ar an tsnámh;
    Níl a'n saghart sa Róimh nach leighfidh Aifreann gan spás.
    le h-iomradh na cainnte bhí ag planda an Fhir Ruaidh.
    Peigí Ní Bhaoighill, Loch an Iubhair, a d'aithris, 1923.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peigí Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall