School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 76

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 76

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 76
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    13) An rud na léighis im na uisge-beatha níl léighis air.
    14) Ní mhaireann na bréaga acht tamaill.
    15) Cha seasann sac folamh.
    16) Na trí rudaí is dróch-mhúinte
    Stail, tarbh agus tailliúr
    17) Peata duine agus peata muice an dá pheata is measa amuigh.

    18) Más fada an lá tig an oidhche.
    19) Is beag rud nach saoghalaighe ná'n duine.
    20) Ní fheicfear an tríomhadh glún i dteach taibhairne.
    21) Ghoidfeadh sé an cros d'asal.
    22) Éist le fuaim na h-abhann agus geobhaidh tú breac.
    23) An rud is giorra do'n chroidhe sé is giorra do'n bhéal.
    24) Sí an dias ar truime is ísle cromais a cheann.
    25) Is minic a bhain duine slat, a sgiúr é féin.
    26) Is fearr sláinte no ór.
    27) Ba mhinic 'bhris béal duine a shrón.
    28) Car bhris focal maith fiacal ariamh.
    29) Ní dhéanfadh an saoghal capall rása d'asal.
    30) An rud a sgríobhas an púca léigheann sé féiin é.
    31) Cé gur caol díreach an ród sí an bealach mór an aithghiorra.
    32) Geibheann pighinn pighinn eile.
    33) Sguabann sguab úr go-glán.
    34) Gníonn sparán trom croidhe éadtrom.
    35) Is maith sugh bó beo na marbh.
    36) Castar na daoine ar a céile acht ní castar na cnuic.
    37) An rud na gcloisfidh an cluas ní cuireann sí buairt ar a chroidhe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Language
    Irish