Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “An Bhaintreach agus an Gasúr”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An Sgéul (ar leanamhaint)
    Bhitheamhnaigh óig ar seisean agus sgairt an gasúr amach croidhe, sgamhain, agus cruadhae. Thug an fear basóg do. Bí do thost arsa seisean nó má labhrann tú mar sin níos mó mairbhfidh mé thú. Thosuigh an gasúr a chaoineadh. Dubhairt mo mháthair liom sin rádh arsa an gasúr. Is cuma liomsa caidé dubhairt do mháthair arsa an fear na léig damh na focla sin a chloisint as do bhéal níos mó. Is caidé déárfas mé anois arsa an gasúr. Abair, arsa an fear, gan iad theacht aníos a choidhche. Char bhfada go dtáinic sé go dtí áit a rabh fear agus bean ag ciobáil phreataí. Nuair a chualaidh siad an gasúr ag rádh gan iad a theacht aníos choidhche bhí siad cinnte gur ar na preataí a bhí sé ag trácht, agus léim an fear trasna an chlaidhe agus an spád leis in a láimh, is rith sé chuig an ghasúr Bhuail sé é gur fhág sé ag caoineadh é. Anois chá bhíonn tú ag mallachtaighe feasta ar mo chuid preataí. Is caidé ba choir damh a rádh?arsa an gasúr. Abair arsa an fear, ceann i mbliadhna agus céad ar an bhliadhain seo chugainn. Déarfaidh mé sin arsa an gasúr agus dimthigh sé leis ag rádh ceann i mbliadhna agus céad ar an bhliadhain seo chugainn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sighle Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Aois
    62
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall