Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 214
- XML “Cloch Cheannfhaolaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cloich Cheannfhaolaidh ar leanamhainttimcheall trí troighthe ó'n talamh thart ar an túr seo. Tá cloch granite cosamhail le fáinne ar mhéir dhuine. agus an fáinne seo ag eirghe amach níos mó ná an chuid eile de na clochaibh nó an muirtéal ins an túr. Tá'an fáinne seo naoi n-ordhlaigh ar aoirde. níl ins an fháinne acht dá phíosa i.e. is dá ghiota a chuaidh thart ar an túr uilig.agus tá an túr sé troighthe déag thart timceall.
An chloch de chloich ghil a thug an t-ainm ar an áit. i.e. Cloich Cheannfhaolaidh. Creidtear gurbh í seo an chloch ar ar mharbhuigh Balór Ceannfhaolaidh uirrí agus gur uirrí do bhain Balor an ceann do Cheannfhaolaidh. Taoiseach formórach a bhí i n-a chomhnuidhe i d-Toraigh do bhí i mBalór, agus bhí Ceannfhaolaidh beó ar tír mór os coinne Toraighe isteach. is é an sgéul é gur thuit Ceannfhaolaidh i ngrádh le inghin Bhaloir. agus nár thaitin sin leis an bhformhorach agus gur mar gheall ar fhághail réidhtighe do Ceann- fhaolaidh gur mharbhuigh Balor é. Tá stríocanna salacha, cosamhail le fuil a deirtear, le feiceál go soilleír go foill ar an chloich ghil seo, agus is é an baramhail atá ag na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)