Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tionóntaidhí a chuirfeadh múnadh orra, agus a bheirfeadh orra a ndualgáisí a choimhlionadh agus an chíos a dhíol. Phill an bheirt seo chuig an chruinniughadh annsin agus d'innis do'n Athair Mac Stiopháin agus do n-a gcuid comrádaidhí an freagra a fuair siad. Bhí órdú aca dá dtabharfadh an t-Agent isteach do'n locaiste de 3/6 sa £1 a thabhairt do na tionóntaidhí go gcaithfeadh an t-socrú sin a bheith sgriobhtha síos faoi n-a láimh ag an bheirt fhear a d'imthigh chuige ar an teachtaireacht.Nuair a chualaidh lucht an chruinnighthe goidé mar bhí thug siad uilig an chíos do'n Athair Mac Stiopháin. Sin an cíos ar ghnáthach leo a dhiol leis an tighearna. Thug an sagart an locáiste 3/6 sa £1 dóibh; agus choinnigh sé an chuid eile. Chruinnigh sé cíos gach duine faoi an Olfartach ar an dóigh seo, thug dóibh an locáiste. Ba fá Dheireadh Foghmhair a ba cheart an chíos a thabhairt do'n tighearna annseo san am sin.Thosuigh an Cur Amach (Evictions) tamall in-a dhiaidh sin. Cuireadh tús orra sa bhliadhain 1889. Sul ar cuireadh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)