Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)

Suíomh:
Buailte Fraoigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Boltifree
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Toirtín Mór agus Mallacht nó Toirtín Beag agus Beannacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Ní thionntochaid maise," arsa'n cailín agus shiubhail sí léithi. Bhí sí dul thar claidhe agus arsa'n claidhe "Tóg cloch nó dhá chloich díom nó níos tógadh aon chloch díom le seacht mbliana" "Ní thógfaidh maise" arsa'n cailín agus dimthigh léithe arais. Ní raibh i bhfad go dtainic sí fhad le coill. Labhair crann agus dubhairt sé, "Bain slat nó dhá shlait díom nó níos bainneadh aon slat díom le seacht mbliana." 'Ní bhainfidh maise arsa'n cailín. Le sin thainic an chailleadh fad léithe. Bhuail an chailleach an cailín le slait agus rinne sí carraig chloiche dí.
    Bhliain ó'n lá sin deir an cailín eile - "bliain ó'n lá indiu dimthigh mo dheirbhsuir agus imtheochaidh mse indiú". "Ceocú bfearr leat tuirtín mór agus mo mhallacht nó tuirtín beag agus mo bheannacht" arsa'n mhathair. "Bfearr liom tuirtín mór agus do mhallacht" arsa'n ingean. Thug an mhathair an tuirtín mó dí agus dimthigh sí léithe. Shiubhail sí léithi agus ag dul ó sholus de chonnaic sí solus i bhfad uaithi sa chnoc. Nuair a thainic sí fad leis an tsolus chonaic sí cró bead. Chuaidh í isteach agus ní rabh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Eireadhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Seoladh
    Srath na Bratóige, Co. Dhún na nGall