Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 111
- XML “Toirtín Mór agus Mallacht nó Toirtín Beag agus Beannacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tionntuigh mé, tionntuigh mé", ars an sean ghearran "nó níos tionntuigheadh le seacht mbliana mé" Chrom an cailín agus thionntuigh sí an gearran. Bhog sí léithí annsin go dtainic sí fhad le claidhe
"Tóg cloch nó dhá chloich díom" ars'n claidhe "nó níor tógadh a'n chloch le seacht mbliadhna díom" Chrom an cailín agus chaith sí cloch soir agus cloch siar. Ar shiubhal léithi annsin arais agus níos stad go dtainic sí fhad le coill. Labhair crann agus dubhairt léithi -
"Bain slat nó dhá shlait díom nó níor baineadh a'n alt le seacht mbliadhna díom"
Chaith an cailín slat soir agus slar siar.
"Anois" ars an crann "nuair a thiocfas an chailleadh fhad leat, buail buille de'n tslat sin uirthi agus dhéanfaidh tú carraig cloiche dí. Le sin tainic an chailleach. Bhuail an cailín í leis an tslat agus rinne carraig cloighe dí.
"Sin do bheirt deirbhsiur, an dá chloich sin" ars an crann, "buail leis an tslait na clocha agus beidh do dheirbhsiura ina gcuma féin arais." Bhuail an cailín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Eireadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Srath na Bratóige, Co. Dhún na nGall