Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 182
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)é ag rádh ar maidin go rabh buachall a dhith air agus is feárr duit fánacht go dtiocfaidh sé go bhfeicfidh tú caidé dheánfas sé. Tháinig an fáth agus é ag tarraing suas a ghaothsán. “Maithim boladh an Éireannaigh bhradaigh istoigh” arsa seisean. “Níl” arsa sise ach chuala mé thú ag ráidt ar maidin go rabh buachall a dhith ort. Seo buachall a bhí ag dul thart agus choinnigh mise é fá do choinne. D’fhostuigh sé annsin é. Nuair a chuaidh an fathach a luighe, rinne sise amach gur bh’feárr dó a bheith ar shiubhal nó go muirfheadh sé é roimhe mhaidin. D’imthigh an bheirt leóbhtha annsin agus chuaidh siad isteach san bhád ghlas agus d’imthigh an bheirt ar an fhairrge. Tháinig siad fhad le balla an deas ins an deireadh. Tháinig siad fhad le balla an deas ins an deireadh. “An n-aithnigheann tu an balla sin” arsa sise. “Ní aithnighim” arsa seisean. Bhal! sin an balla ar chuir mise an cloiche ortsa aige. Sin thuas annsin teach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Duimnic Ua Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall