Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 190](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1093%2FCBES_1093_190.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 190
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 190
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Frg. Chuaidh an lach dhubh siar agus bheir sí uibh thiar agus annsin tháinic sí aniar.
Caidé a thiocfadh le baraille follamh a bheith lán de?
Frg. Thiocfadh leis a bheith lán poll.
Thart fá’n teach, thart fá’n teach agus ní bhaineann gaoith nó grian dhó
Frg. Uibh i gcearc
Caidé atá lán agus coinnigheann sé tuilleadh?
Frg. Póta préataí.
Caidé atá níos doimhne nó an fhairrge?
Frg. Mearachán tailliúr mar na bhfuil tóin ar bith ann.
Dhá rang caoirigh bána agus caora dhearg astoigh in a measg.
Frg. Fiacla agus teangaidh.
Muiltín iarann ag dul thar dhroicheadh cnáimh
Frg. Snáthadh ag fuigheáll
Théigheann sé anonn ‘na scáile agus thig sé anall ‘na mhálaí agus baintear lomairt de gach bliadhain.
Frg. [líon]?
Bean bheag amuigh annsin agus í go ró-[runnda]? Cóta beag buff uirthí, bearad, agus pláincead
Frg. Beacóg.
Dhá ghamhain bhuidhe amuigh ag bun na spéire nuair a thiocfhas an dá ghamhain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic na Mídhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ua hEichthighirn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Ard Bata, Co. Dhún na nGall