Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0036

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0036
  3. XML “Ciste Óir i Rinn na hAirne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste Óir i Rinn na hÁirne
    Tuairimh is céad bliain ó shoin do mhair dá -réag nó trúir déag fear i Rinn na hÁirne an áit a gcomhnuidheann mise agus mo mhuinntir anois. Baistigheadh go leor áit thart le bruach an locha ina ndíadh mar is ag deanaimh broch agus poitín a chaith síad a saoghal. Tá teach siar ins na guirt agus tughtar “Teach na Breaca” air ón am a mbíodh síad a dheanamh an phoitín ann. Deirtear go bhfuil pota airghidh agus potha óir ins an dteach sin fós agus go bfhuil péiste neimhe dhá bhfaireadh. Níl fíos cén áit a bhfuil síad acht deirtear go bfhuil síad ann súráilte. Ní dhearna duine a’bith iaracht le h-iad a fagháil aríam. Níl fios cé chuir ann iad ach deirtear gur’b iad na daoine a bhí a déanamh an phoitín a chur ann iad. Tá poll mór taobh leis an teach agus tugtar poll na breaca air agus deartear gur’b ins an bpoll sin atá siad i dtaisce.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Coinceanainn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rinn na hAirne, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Coincheanainn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rinn na hAirne, Co. na Gaillimhe