Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0041
  3. XML “Daoine Cáiliúla in Eanach Cuain - Micheál de Búrca, Saor Cloiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Le leith-chéad bliain anuas ní raibh fear i nÉIrinn ion-churtha le "Maidhc Búrca" ag déanamh simléir nó dhá ndeisiú dá mbeadh call air. Bhí plean nó "knack" aige agus comh cinnte agus leagfadh Maidhc a lámh ar an simléar, thairneóchadh sé uaidh sin amach.
    Tá comhnaidhe air i mBaile Riabhach Corandulla agus é ag tarraint ar ceithre scór bliain. Níl an fear bocht ar foghnamh anois fé mar bhíodh: is lag a ghlór agus is righte leis rudaí d'fheiceáil.
    Ach ní ar chumas cheirde a thráchtrann na daoine thart annseo ach ar a ghreannmhaire 's bhí sé i gcomhnaidhe. Bhí sé an-tugtha do'n bhraon. Slácht ná cuma ní chuirfeadh sé ar obair muna mbeadh greadadh poitín agus pórtair le faghail aige. Am ar bith nach mbeadh bheadh gráin aige do'n lín tighe agus dhéanfadh sé cleas eicínt ortha. Fíor rógaire a bhí ann.
    Lá dá raibh sé ag deisiú simléir le h-aghaidh m-aintín Bean Uí Fhloinn i mBaile Uí Laoidh bhí sé ag cuimne sr seift le braoinín uisge beatha d'fághail lead sé leis féin tuitim as dian an tigh acht thuit sé a a chosa agus leig sé air féin go raibh sé gortuigh agus d'iarr sé ar Beann Uí Fhloinn braoinín d'fhághail dhó agus nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Caomhánach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe