Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0050](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0024%2FCBES_0024_0050.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0050
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear óg láidir a bhí ag obair d'feilméar nach raibh dúil aige Páighe mhaith a thabhairt do dhuine ar bith a bhí ag obair dó. Tráth fóghmair a bhí ann agus thárla go raibh sé ag baint arbhair dó'n fhéilmear le corrán. San tráthnóna shocruigh siad ar an bpáighe lae agus b'é seo an socrú a rinne siad. Thiubhradh an feilméar an méid dias arbhair don oibridhe a mbeadh chomhairimhthe aige faoi ceann deich nóiméad.
Thosuigh an sgológ ag comhaireamh leis "Dias agus dias" adeir sé "sin dhá dhéis; dhá déis agus dhá dhéis sin ceithre dhiasa; ceithre dhiasa agus ceithre dhiasa sin ocht ndiasa, ocht ndiasa agus ocht ndiasa sin sé-dias-déag, sé-deag agus sé déag, sin dhó dhéag is fich' - agus is deas an dornán arbhair é sin.
Dornán agus dornán, sin dhá dhornán; dhá dornán agus dhá dornán sin ceithre dhornáin; ceithre dhornáin agus ceithre dhornáin, sin ocht ndornáin; ocht ndornáin agus ocht ndornáin sin sé-dornáin déag; sé-déag agus sé-déag sin dhó déag is fich', agus is deas an punann arbhair é sin.
Punann agus punann, sin dhá phunann; dhá phunann agus dhá phunann, sin ceithre phunainn; ceithre phunainn agus ceithre phunainn sin ocht bpunainn; ocht bpunainn agus ocht bpunainn sin sé phunainn déag; sé déag agus sé déag sin dó dhéag is fich' agus is deas an stúca arbhair é sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Coinceanainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rinn na hAirne, Co. na Gaillimhe