Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Anach Cuain
- XML Leathanach 0089
- XML “Na Seanphósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Sean PósaitheDá mbeadh fear ag dul a pósadh d’innseóchadh sé dhá cara cailín eicínt a fágháil dhó. Gheobhádh sé buidheal “fuisgigh”. Annsin tuibhrodh sé dá cara é. Rachadh an cara agus fear eile go dtí an teach a mbeadh an cailín ag fanacht. Bheadh an fear agus athair an chailín ag cainnt ar an sórt áit a bhí ag an fear a bheadh ag dul a pósadh. Dá mbeadh athair an cailín sásta leis an méid talamh agus stuic a bhí aige pósadh an bheirt acu annsin. Nuair a bheadh siad ag dul a pósadh fadó capaill a bhíodh acu ag an bainfheis. Nuair a bheadh siad ag teacht abhaile bhíodh rás acu leis na capaill agus an duine ba thúisge a sroiceadh an teach ba ag an fear sin a bheadh an capall a b’fearr. Nuair a bhíodh siad ag teacht abaile is abhaile, leis an gréin a thagaidís. Nuair a bheadh an lánamhain ag teacht abhaile lasfadh na daoine punainn tuighe in onóir dóibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Coincheanainn
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Coinceanainn
- Inscne
- Fireann