Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0073

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0073
  3. XML “Lucht Siúil na mBóthar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mac an Bhaird is ainm de na tinncéirí a bhíonn thart sa gceanntair seo. Tagann siad thart cúpla uair sa mbliain agus bíonn siad ag tórruigeacht sean píosaí iarrainn agus féar agus cuid acu gruaig capaill agus sean éadaigh. Goideann cuid acu asail, gabhair agus móin go h-áiridhte. Deisigheann siad rudaí stáin agus déanann siad cannaí stáin agus sáspain stáin agus díolann siad iad.
    Bhí ceathrar acu sa gceanntair seo fado "Maggie na dTimbers" "Seán Tinn" Maggie "na Beetles" "Cáit Bheag". Bionn áit faoi ag na tinncéirí agus fanann siad annsin go ceann cúpla mí. Sean capaillí, asail, madraí agus gabhair agus sean cáranna aisteacha. Bíonn cuid acu ag díol tapéis. Bhí bean tinncéara ag dul annseo freisin, agus sé an t-ainm a bhí uirthi na Máire na Gruaige Dhuibhe agus bhíodh gach sgéal aici.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Coinceanainn
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Micheál O Coincheanainn
    Inscne
    Fireann