Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 023
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bhí sé tamaillín beag imthighthe chuala sé ag sgréachghail é, áit ar mharbhuigh gaduighthe é. I gceann cúpla uair a chluig bhuail néal codladh é agus isteach leis i dteach le lóistín d'fhághail. Nuair a chuaidh sé isteach chonnaic sé cailín óg agus sean-fhear ina suí cois na teineadh. Iarr sé lóistín ortha. Nuair a bhí an cailín imthighthe amach séard dubhairt ár gcara leis an sean-fhear: “ An í do inghean í" ? “Ní hí" ars' an sean-fhear "Sí mo bhean í." Chuimhnigh an fear annsin ar an dara cómhairle an mhná. Thosuigh sé ag cur tré a cheann annsin cé'n chaoi a mb’fhearr dó éaladh amach.Leis sin tháinig an cailín isteach agus dubhairt ár gcara go gcodlóchadh sé féin le hais na teineadh ar feadh na h-oidhche. Nuair a chuaidh siad ina gcodladh chuaidh sé amach agus luighe sé faoi'n coca féir. Ní fada a bhí sé annsin gur chuala sé an rí-rá taobh istigh. Ní raibh sé ach imthighthe amach nuair a tháinig fear óg a raibh an cailín i ngrádh leis isteach is mharbhuigh sé an sean-fhear a raibh sí pósta leis. Nuair a chuaidh ár gcara abhaile chonnaic sé a bhean ina luighe ar a leabaidh agus fear mór féasógach ina luighe i leabaidh eile le na h-ais. Síl seisean gur fear eile a tháinig isteach in éanfhacht le na mnaoí. Thóg sé an tuagh chun é a mharbhú nuair cuimhne sé ar an tríomhadh chomhairle. Shuidh sé siar cois na teineadh. Labhair a bhean annsin leis an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)