Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó, do mhair fear i dTóinbhuide, Uachtarard a b'ainm do Seumas Ua Concubhair. Fear saidhbhir a bhí ann. Bhí reimse mór talmhan aige agus cuimse beithi is caora. Mharbhuigheadh sé mart chuile mhí, agus is minic a díarr na daoine air cén fáth a raibh sé chomh dicheillidhe is chomh fánach agus chomh caithteac dosgóideach agus go marbhuigeadh sé mart chuile mhí. Sé an freagra a bheireadh sé uaidh i gcomhnuidhe:-"Ní feidir le Dia féin, nu leis an Diabhal acht an oiread (?) a bhriseadh. Seasfaidh mo chuid maoine go deo na ndeor"Le linn aimsire thainic an t-athru agus an mhiadh air. Chaill sé a shaidhbhreas, a chuid beithí agus caora, a theach agus a chuid talmhan. In ndeireadh na Dála bhiodh sé ag siubhal ó theach go teach agus ó bhaile go baile ag iarriadh déirce agus deireadh sé go minic"Níl sa saoghal seo acht 'Tuas seal, agus thios seal' "