Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 187
  3. XML “Scéal Crábhaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Crábhaidh

    Bhí bean ann uair amháin agus ní bhíodh sí ag dul ag an Aifreann ró mhinic.

    (Scéul eile)
    Bhí bean ann uair amhain agus ní bhiodh sí ag dul ag an Aifreann ró mhinic. Faoi dheire rinne sí suas a h-intean go rachfad sí ag an Aifreann chuile Dhomhnach agus sa gcaoi go mbead eolas aici ar an meid uair a bhí sí ag Aifreann i rith na bliadhna cuirfeadh sí cloichin beag isteach i mbosca chuile Dhomnach go mbiodh sí ag an Aifreann. I ndeire na bliadhna d'fhoscail sí an bosca agus comhraraigh sí an meid a bhí istigh ann. B'furusda é a dheunamh mar ní raibh uiluig ann acht aon chloch amhain. Thainic faitchios ar an mhnaoi bhocht agus chuaidh sí ag an sagart le cómhairle d'fhail uaidh.
    "Tá tú ag fáil comhartha o Dhia" ars an sagart "nach mbíonn tú ag freastail an Aifreann mar is cóir. Tabhair nios mo aire do obair Dé do do chuid phaidreaca nuair a bhios tú ag an Aifreann agus beidh a mhalairt de sceúl agat an t-am seo airíst."
    (Tá an sceul seo coitchian go leor timceall na h-áite seo)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge