Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Naomh Aithninn nu Aininn atá mar naomh Patrúin don parróisde seo. Cill Aithninn atá mar ainm ar an Parroisde.Tá a teampall i n-aice Loch an Rosa nu Loch Aithninn nu Loch Ionáin a bhí mar ainm ar an loch fadó. Cill beag. Nil acht an altóir beag le feiceál ann anois agus bhuntrá do na ballaibh. I n-aice leis tá tobar beannuighthe agus balla laidir gan muirtéal timceall air. Bíonn sruth ag rith amach as an tobar isteach sa loch atá i n-aice leis.Tá sé raidhte go bhfuil an naomh curtha i n-aice na cille acht níl einne cinnte. Tá ait eile i n-aice an Spideil baistighthe.
Lá Feile an Naoimh seoan 18adh Eanair. Fado bhiodh go leor daoine ag teacht ag an tobar ag guidhe acht ní morán a thagas ann anois.Tá dhá chill eile san ait - An Cillin agus Teampall beag na Naoimh san(leanann ar an chéad leathanach eile)