Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 208
- XML “Cill Chuimín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an sean reilg seo sa reilg. Cill Beag iseadh é. Nil aon ceann air. Dartear gur annso a mhair Naomh Cuimín. Deirtear freisin gur b'ann a mharbhaigh Reamonn an Urlaigh ollpeist Locha Coirib.Tá Cill a Rúin trí mhíle go leith ar an taobh o dheas de Uachtarárd ar bhothar na Gaillimhe. Tá Beann na cille ar thaoibh an bhothair mhóir ó Gaillimh go hUachtarárd. An Bheann Aidhreach (?) a tugtar ar i mBeurla.In aice leis acht ar an taobh eile den bhothar tá da bhullán - ait a mbiodh paisdí baistighthe fadó. Ar an taobh ceadna den bhothair agus cupla ceud slat ó na bullánaibh táCloch an Aifrinnle feiceál. Tá sé cosamhail le altóir agus deirtear go mbiodh an tAifreann da leígheadh ann i n-aimsir na nDlighthe Peannadacha.Tá an abhainn Druimnín i naice leis an chloc seo agus deirtear gur annsan a marbhuigheadh Sean na Sagart. Deirtear gur fear do muinntear Laighidh do mharbhuigh é le claideamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)