Scoil: Oileán Iarthach

Suíomh:
An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 376

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 376

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Iarthach
  2. XML Leathanach 376
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bliadhanta o shoin tháinig an oidhche ba mho stoirme dá dtáinig aríamh. Bhí sí go huathbhásach le stoirm is le báisteac gur cuir sí faitcíos ar gach uile dhuine. Sguab sí na cinn de na tighthibh agus leagadh sgiobóil agus marbhuigheadh na beithidhigh a bhí ionnta. Na báid a bhí feistighthe ar an tráigh, sguabhad iad agus brisead na céadracha agus cuiread suas ar an talamh iad.
    Deir na daoine gur marbhuigheadh gach nídh a bhí amuigh ins na páirceannaibh leis na lasrachaibh a bhí ann agus deir siad fresin go dtáinig fuirleach isteach ins na tightibh agus go dtug sé amach asta na trosgáin is a raibh eile sa teach. Is corr dhuine a bhfuil cuimne aige an oidhche sin ach chuala siad cainnt air.
    Tá sé ós cionn céad bliadhain ó bhí an oidhche sin ann agus níor tháinig aon oidhche ó shoin ba mheasa ná í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní hAllmhuráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní hAllmhuráin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe