Scoil: Oileán Iarthach

Suíomh:
An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 417

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 417

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Iarthach
  2. XML Leathanach 417
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bí Rí ann uair agus bhí aon inghean amhain aige. Aon lá amháin tháinic fear beag bídeach isteach an doras agus d'fhiafruigh sé di an bpósfadh sí é. Ba gránna leis an ingin a leithidhe sin de sean fhearín a phósadh agus dubair [!] sí nac bpósfad.
    Bí an feairín ag imtheacht agus dubhairt sé leí mara mbeadh a ainm ar bharr a teangaidhe go gcaithfeadh sí a phósadh. D'imthigh an firín gan focal a rádh. Bhí an cailín i gcruadhchás annsin. Tháinic a h-athair isteach annsin agus dubhairt sé go bhfaca sé an firín is granna dhá bhfaca sé ariamh agus e ag rádh:
    "Druimín a luachra
    Druimín a luachra mé
    Ach ní feasach d'on chailín
    Cé'n t-ainm atá orm".
    Bhí a fhios ag an gchailín cé'n t-ainm abhí air. Nuair a tháinic an firín isteach bhí a fhios ag an gchailín cé'n t-ainm abhí air. D'imthigh an firín leis annsin gan focal a rádh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chonaire
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Liodáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    71
    Seoladh
    An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe