Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 492
- XML “Triúr Mic na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Triúr Mic na Bainntrighe.Bhí bainntreabhach ann fadó agus bhí triúr mac aici. Seadh! arsan duine aosta lena mháthair lá "tá an iomad againn annso agus caithfidh duine éigin againn dul sa t-siubhal" "Cathain a imtheochair?" ar sí. "Maidin amáireach" ar seisean. "Tá go maith" ar sise.
Bhí dhá bhácús aice sa tig aici - ceann mór agus ceann beag. Chuir sí císte ins gach aon bhácús diobh agus do bhácáil go maith iad. Nuair a tháinig an maidin - "seadh, táim-se ar siubhal" ar seisean "T'rom rud éigin igcóir an bhóthair". Tá dhá bhullóig agam-sa" ar sí bullóg mhór agus bullóg bheag:- Ciacu a thógfair?" ar sise - an bhullóg mhór agus mo mhallacht nó an bhullóg bheag agus mo bheannacht?" "Tógfad an bhullóg mhór", ar seisean "is mór an nídh an raighise igcóir an bhóthair". Thóg sé leis é agus bhí ag cur de gur bhain sé amach cros na gceithre rian. Sheasaimh sé ag an gcros Ní raibh sé ibhfad ann nuair a chonnaic sé fear chuige.
"Cioca buachaill a d'iarraidh máighistir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí