Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoirí:
Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 487

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 487

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kenmare (B.)
  2. XML Leathanach 487
  3. XML “Smaoineamh an Bhreithimh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Smaoineadh an Bhreithimh.
    Bhí beirt dritheár ina gcómhnuidhe le chéile uair, agus mar a thárluigheann go minic, bhí an bheirt ana dheallramhach len' a chéile Is ar éigin a aithneochthá duine thar an duine eile. Bhí paiste beag talmhan aca agus chaithidís a saoghal go léir ag obair ann. Chuireadar paircín coirce an bhliain seo agus gach maidin nuair a eirighidís deireadh Seán le Tadhg "Buail síos, a Thaidhg ar eagla go mbeadh aon rud istig in ár bpáircín coirce".
    Maidin amháin nuair a chuaidh Tadhg síos cad a chífeadh sé acht ba le duine de's na cómhursain ag ithe an gheamair. Dhera, h-anam an riabhach! Bhuail taom feirge é. Rug sé ar an speil a bhí le taobh an chlaoidhe agus le h-aon bhuille amháin bhain sé an ceann di.
    Cúpla lá inadhiaidh sin gabhadh Tadhg bocht Tugadh ós cómhair an bhreithimh é. Daoradh chun a chrochta é gan aon mhoill mar b'shin an dlighe a bhí ann an uair sin. "Ach'" ars'an breitheamh "tabharfaidh mé seans duit chun tú féin a shaoradh. Cuirfidh mé dhá cheist chughat agus má bhíonn tú indan iad do fhreagairt sgaoilfidh mé leat".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0922: The Shepherd Substituting for the Priest Answers the King's Questions
    Teanga
    Béarla
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Magh Ghloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mala, Co. Chorcaí