School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 523
- XML “Ciall Cheannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ciall Cheannuigh.Bhí ghiúdach ina chómhnuidhe i dTuaith oSiosta uair. Bhí mac aige. Nuair abhí an mac in aois fir, dubhairt an t-athair leis go m'b'fhearra dhó bheith ag deánamh dó féin agus a aghaidh a thabhairt ar an saoghal.
"Ach, sar a n-imtheóchaidh tú", ar seisean ba mhaith liom cómhairle amháin a chur abhaile ort mar is dóigh liom go mbeid sé a' teastáil uait go minic.
Thóg sé leis an mac agus chuir sé ináirde ar chrann é. "Léim anuas anois", ar seisean leis. "An amhlaidh a mheasann tú mé bhascadh" ars an mac. "O, ní baoghal duit" ars an t-athair, "béarfad greim ort sar a mbuailfir igcoinnibh na gcloch."
Do léim an mac anuas ach níor chorruig an t-athair chun breith air. "Cad na thaobh nár rugais greim orm?" ar seisean leis. "Theastuig uaim ceacht a mhúineadh dhuit" ars an t-athair "mar chím go bhfuil tú ana shímplidhe. As so amach ná bíodh muinghín agat as aoinne fiú amháin t-athair féin".- Informant
- Eóghan Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Achaidh Thiar, Co. Chiarraí