Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)

Suíomh:
Doirín Darach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Darach
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Dúnmharú Dhearbaí Uí Bhréincáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear 'na chomhnuidhe i nGabhlán tímcheall céad is ceithre bliadhna déág ó shoin, agus sé an ainm a bhí air ná Dearbaí Ó Bréinéain, agus ba leis Gabhlán ar fad. Pósadh é an tarna h-uair le cailín darb ainm di Brighid Ní Bhriain, agus bhí uaithe fear eile do phósadh. Sé an ainm a bhí ar an bhfear sin ná Séamuis A' Doirín. Bhí inghean amhám leis an gcéad mnaoi ag Dearbaí.
    Do cheap an Brighid Ní Bhriain seo agus Séamus Doirín ar sheift cun Dearbaí do mharbhú agus do fuair sí beirt eile le Séamus a bhí toiltheanach an droc ghíomh do dheanamh. Sé an ainm a bhí ortha ná Seán Bhéil 7 Beath Páméar. Sé an breab so tharraing sí chúca ná cuig púint.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Raidhilligh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Com na Cille Thuaidh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Raidhilligh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Com na Cille Thuaidh, Co. Chiarraí