Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)

Suíomh:
Doirín Darach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Darach
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Scéal ag Baint le hAimsir Phárnail sa Bhliain 1782”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí cruinniú mór cun bheith i Lios An Phúca agus cheap buachaillí na h-áite seo ar dul ann. Do bhí Muinntir Uí Dubhghaill na gcomhnuidhe i nDoire Gearáin san am san agus sé an leas ainm do bhí ar an seansear ná Seán A tSaic. Is é seo an fáth gur cuireadh an leas ainm seo air.
    Nuair a bhí sé 'na gharsún maith do deineadh an chéad culaith éadaig bréide dó agus nuair a bhí sé déanta ag an dtailliúir do chuir sé an chasóg air. Buachaill maith reamhar láidir a b'eadh Seán agus do bhuail an tailliúir a lámh ar a dhrom agus ar seisean "Oireann sé leat mar sac" agus do lean a ainm Seán A' tSaic air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cathbhuaidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doirín Darach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cathbhuaidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doirín Darach, Co. Chiarraí