Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)

Suíomh:
Doirín Darach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Darach
  2. XML Leathanach 064
  3. XML “Scéal Greannmhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair ba leis na tighearnaí talmhan Cúm Luimina bhí sgéalta go léis ann i n-a taoibh. Bhí cailín aimsire as Cill Áirne ag obair ann ar feadh cúig bliana. Oidhche amháin do fágadh i bhfeighil an tighe í agus bhí muinntir eile an tighe as baile. Chuaidh sí a chodhladh agus amach san oidhche nuair a dhúisig sí thug sí fé ndeara go raibh solas i ngach áit den tig agus cheap sí gurab amhlaidh a d'fhill muinntear an tighe abhaile i gan fhios di.
    Do las sí solus agus shiubhail sí go dtí dorus seómaire an bhídh. Chonnaic sí an sluagh mór daoine tímcheall an bhúird, stróinséirí iad go léis agus suipéar mór leagtha amach ós a gcomhair amach agus gach saghas bídh agus dighe ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort an Chlocháin, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Eoin Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort an Chlocháin, Co. Chiarraí