Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_020](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070C%2FCBES_0070C_06%2FCBES_0070C_06_020.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_020
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann, gobán saor an t-ainm a bhí air. Bhíodh sé ag déanamh caisleáin do daoine uaisle na h-Éireann. Bhí sé pósta agus is clann inghean ar fad a bhí aige. An lá seo bhí sé ag dul ag déanamh caisleán do dhuine uasal áiríthe, agus dubhairt sé le na bhean mar a mbheadh mac agatsa nuair a thiocfas mise ar ais ná bí sa teach romham. Tá ar ndothain inghiní againn cheana agus níl aon mhaith leo. Níl siad indhan aon chonghnamh a thabhairt dom leis na caisleáin a dhéanamh. Tá mé ag eirighe sean anois agus teastuigheann mac uaim le conghnamh a thabhairt dom. Agus mar a mbheidh mac agatsa nuair a thiocfas mise ar ais marbóchaidh mé thú. Cén neart atá agamsa air sin adeir an bhean. Bíodh sé amhlaidh arsa gobán. D'imthigh leis annsin agus chuaidh sé ag déanam a Caisleáin.
Bhí sé imthighthe tamall fada, agus an fhad a's a bhí sé imthighthe; bhí páiste óg ag a bhean agus ba inghean í. Ní raibh a fhios aice céard céard a dhéanfadh sí. Aon lá amhain bhí sí ag cainnt le bean ar an mbaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Flannchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe