Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí sa domhan thiar aon uair amháin agus bhí sé pósta. Bhí go leor clann mhac aige acht cailleadh iad nuair a rugadh iad. Acht an t-ám seo rugadh mac óg dó agus bhí faithchíos air go bfuighfeadh sé bás.
Chuimhnigh sé ar chleas. Rinne sé bosga agus chuir sé an mac óg isteach ann. Chuir sé an bosga amach ar an bhfairrge agus bhí an bosga ag imtheacht leis an ngaoth dtuaidh no gur shroich sé talmhan. An lá seo bhí sean-fhear ag siubhal i ndiaidh plód gabhair agus chonnaic sé an bosga. Dubhairt sé leis féin nach raibh aon rud eile aige acht a mháthair agus é féin agus na gabhair agus mar sin thug sé leis abhaile an bosga. Nuair a bhí sé sa mbaile doscail sé an bosga agus fuair sé páiste istigh ann. Dubhairt an mháthair go gcoinóchaidís é. Níor leig siad amach thar an doras é gan duine a bheith in n-éinfeacht leis no go raibh sé bliadhain agus fiche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Na Poillíní, Co. na Gaillimhe