Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 07_008
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair ámháin bhí bean ann agus bhí aon mhac ámháin aice. Dubhairt an mac le na mháthair lá go raibh Dia amuigh ar an gchlaide agus dul amach dhá feiceal. Dimthigh leí amach. Chuaidh Jack agus chuir sé bráithlín gheal ar fhéin agus dimthigh leis agus sheas sé ar an gclaidhe. D'fhiafhruigh an bhean de Dhia cé leis ag chuirfheadh sí Jack. Séard a dubhairt Dia lei féadfa tú é a chur le gaduigheacht nó le rógaireacht. Dimthigh leis an mbean abhaile go buadhartha. Dimthigh le Jack freisin abhaile agus bhí sé sa mbaile roimh a mháthair. Céárd a dubhairt se leat a mhama adeir Jack. O na bac le céard a dubhairt sé liom a deir an mháthair. Tá fios agamsa go maith céard a dubhairt sé adeir Jack. Ó dubhairt sé liom thú a chur le gaduigheacht agus le rógaireacht. Ó bydad is maith an cheird í sin. Chuaidh Jack go dtí an gaduighe dubh agus shocruigh sé leis air chuig phunt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bairbre Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Na Poillíní, Co. na Gaillimhe