Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 055
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Bhí buachaill ar aimsir thíos i nDoire, agus ní rabh aige ach cúig phunnta sa bhliadhain. ”
Eit. 583(b)
55
3308
3Bhí buachaill ar aimsir thíos i nDóire, agus ní
rabh aige ach cúig phunnta sa bhliadhain. Bhí
sé lá amháin thíos agus tháinic soitheach na ceadbha,
agus tháinic a chaistín fhad leis agus d’fhiafruigh
sé de char bh’as é. Dubhairt sé gur bh’as
Co. Dhún na nGall é. "Bhfuil tú neas," arsa
seisean do Co Tíre Eoghain?"
"Bhail níl," (arsa’n gasúr) arsa’n buachaill
"Goidé’n tuarastal atá aghat?"
"Cúig phunnta
"Bhail bhéarfaidh mise cúig phunnta duit," arsa
seisean, agus imthigh leat, agus amharc," arsa(continues on next page)