Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Chuir a gobán t-saoir ar shiubhal a mhac am amháin, agus baicle chaoirigh leis le díol,...”
(continued from previous page)abhaile, agus luach na gcaoirigh. A teacht abhaile
dó-san, "sin a bhean aghat-sa," arsa seisean, le h-amharc amuigh fá n-a choinne, agus
imthigh agus fhágh í".
D’imthigh sé agus fuair sé an bhean agus pósadh iad. Bhí sé ar siubhal annsin i gcionn a chuid chéird. Tháinic sí isteach
go mall oidhche amháin. Chuir rí na coilleadh(ii) sceala isteach chughat," arsa sise "Ó mo sheacht n-anam air!"(i) arsa seisean. an chuileann caoch."(ii)
Tá tú agham anois," arsa sise, "sin a’ rud a bhí mé a d’iarraidh le fada - rí na coilleadh." D’imthigh an mac siar annsin taobh Shligighe le baicle eile de’n chineal chéadna daoiní,(iii) agus mharbh siad thiar é - an chuid eile. "Mhothuigh an bhean
go rabh sé marbh thiar agus d’imthigh sí, agus dubhairt sí lá amháin go mbeadh sásamh aicí ortha indiaidh a ndithcheall a dheánamh. Siar léithe agus
bhí sí ag amharc thall agus i bhfos, ag éisteacht cé’n áit a rabh na daoiní.
(ii) An Cuileann
(i) Téarma ceana i dTír Chonaill (cion)
(iii) daoine a rabh an chéird chéadna ná a bhí aige fhéin(continues on next page)