Suidhe Mochuda (in airigln)
(The Seat of St Mocuda)
Maidin Shamhraidh fá dh'eirigh pleofas
Agus Mise im'aonair a' suibhal na Suidhe
Cois abhann airiglin mar a ritheann méithbhric
Agus a' burdán glégeal a snamh sa linn
Bionn ceol fiolair ann Seabhaic is féithe,
Faoileann, naoscaig, is cearca fraoigh
An lon 's an smóilín a' seinniúint bhéarsa
'S an chuach go h-aerach ar bharr na gcraoibh
Do shuidh mé sios seal ag éisteacht le guth na n-éan ag seinniúint ceoil
Is gach nóta dá gauiridís i dtuigsint dá céile
Gur bhinne ná'n téad, 'sná an bheidhlin nuadh