Imleabhar: CBÉ 0352
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0006](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0352%2FCBE_0352_0006.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0006
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis ’na' bhaile í.Bhí ’n bheirt annsin ’na gcomhnuigh ar an oilean agus, gan críostaidhe acu acht iolar mór le cuideachta a chongbhail leo. Nuair a bhí siad dara bliadhantach 'na gcomhnuigh ar an oilean, d’éirigh ’n t-iolar mór
aon lá amháin agus chraith se é féin.
"Iolair mhóir" arsa inghean a’ ríogh, "ca bhful tú gabhail anois?"
"Tá mé gabhail ’a d’amharc ar d'athair agus ar do leas mháthair" ar' seisean.
Bheir si greim air agus thacht sí é. Bhuail sí ar chloch a bhac agus ar leachacha na teineadh
é, go dtí gur sgabh sí a chuid fola uilig. Shíl sí gur fhág si marbh é agus caith sí i gclúdaigh na mónadh é. Chruinnigh 'n t-iolar é fhéin suas
agus d’imthigh leis ar eiteogaí, agus níor stad sé go dtainig se isteach ’dtoigh ’n ríogh. D’éirigh ’n bhainrioghain óg agus chuir fáilte roimhe.
"Iolair mhóir" ar’ sise, "carb’ as anois thú?"
"As Oilean Glas na dTrí mBeann a’ taobh deas de Éirinn".
"Cé tá annsin anois?"
"Mac a’ ríogh, inghean a’ ríogh, go neamh-bhuadhartha,
neamh-aircearach, a sáith le h-ithe agus le h-ól
acu agus iad na gceann mhaith domhsa"..(leanann ar an chéad leathanach eile)