Imleabhar: CBÉ 0352
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní rabh acu acht aon inghean amháin arbh' ainm dí Eibhlín.”
Fuair sí ’n t-abhrán ó Róise Ní Duibheanaigh as Rann-na- Feirsde, atá marbh le ceithre bliadhna agus a bhí 90bl, an uair sin. Bhí adhbhar an abháin aicí fosta:-Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní rabh acht aon inghean amháin arbh’ ainm dí Eibhlín. Bhí Eibhlín iongantach dóigheamhail. Fuair an mhathair bás agus go gearr i ndiaidh a báis thug Eibhlín léithe cuid éadaigh a máthara, aon lá amháin, agus chuir uirthe é. Chomh luath géar agus chonnaic a’ t-athair í cóirighthe i n-éideadh a máthara, thuit sé i ngrádh uirthi, agus ba é ’n deireadh a bhí air go mbéigean de Eibhlín imtheacht.
Bhí ’n t-athair iongantach buadhartha nuair a chonnaic
sé goidé bhí déanta aige, agus chum sé abhrán fa
dtaobh duithe.
(Ní feasach domh go bhfuil an chead dá cheathramh ag duine ar bith eile ’san áit)
1.
Eibhlín, ma éagaim, bí ar m'fhaise,
Déan faoide ’sna cluintear thú caoi,
Nó gurbh’ fheárr liom-sa mar rogha bheith i dtalamh,
Nó bheith i mbuaidhreadh ’s i n-easbhaidh mar táim.
11.
An grádh thug fear chéillidhe do’n chailín
'S nach bhfághann faoiseamh nó go dtéigh sé faoi dhlaoi.(leanann ar an chéad leathanach eile)