Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0229

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Is doiligh domh é ’smo bhéal fúm."
    "Bheil, bheirim-sa mo beannacht duit-se agus mo mhallacht de íde do mhúinte. Nuair a eireóchaidh tusa i mbárach, gheobhaidh tú croidhe agus crudhógaí na mná
    bige ruaidhe caithte ar leacacha na lócha"
    B’fíor é. Nuair a d’éirigh ’n bhean ar maidin chuaidh sí siar na locha go bhfeicfeadh sí rabh dhath ann, agus bhí croidhe agus crudhógaí na mná bige ruaidhe caithte ar leacacha na locha agus an áit uilig dearg le fuil. Sin anois mo scéal-sa.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.