1.
Is duit-se Nansaí thug me fancy,.
Mar bhí tusa ceansamhail caoidheamhail cóir,
Níorbh’ fhuda liomh a’ t-am a mbéinn ’s tú cainnt,
'S mo dhá lámh teannta tharad aniar,
In-aimsear cleamhnais na bhí clampar,
Guidh le d’annsacht ag iarraidh spré,
Acht cead síneadh síos le do chom géal mín
Agus focal cainnte lamh-airt (labhairt) léi.
2.
Bíom go brónach ’acha’n Domhnach,
Ní fhuil mo stór acht seal domh i ndán,
'S ní fhuil aon bhrón da gcuirínn clódh air,
Nach siud dhá bhrón ’s fiche i n-áit,
Ar mhéad mo bhrón rinneadh ceo domh,
Ní bhéidh mé beo acht seal beag gearr,
D’imthigh ’n chortas as mo stór - sa,
Nansaí Óg Ní Obarlain.
3.
Bhí mí lá gabhail go Gort a’ Choirce,
'Gus bhí mo bheairtín stocaí liom,
Cé thárluigh orm anns a’ ród
Acht Nansaí Óg Ní Obarlain,