Fuair sí an t-amhrán seo ó mhnaoi bhoicht a bhí ghabhail thart ’san áit seo, Mary Pheigí Tamie a b’ainm do’n mhnaoi bhoicht, agus rugadh agus
tógadh i n-áit éigin 'sna Rosaibh annseo í, Sílim gur istigh ar Oilean Árain Mór a fuair a’ bhean
bhoct a’ t-abhran, agus d’fhoghluim sise uaithe é
agus í ar cheathramhan fa Rann-na-Feirsde. Tá Mary marbh le dhá bhliadhain agus bhí sé
a fhághail an pheinsean nuair a fuair sì bás, cé bith fad. Ní shílim go rabh i bhfad.
I
Seo na jugaí, seo na mugaí,
Seo an áit a bhfuil a’ lionn,
Mar bhfuil a’ t-airgead ann do phóca
Buail a’ bóthar agus gabh 'na' bhaile
Curfa
Ní fhúil sé ’na lá, no ’na lá
Ní fhuil sé na oidhche nó ’na mhaidin.
Nì fhuil se na lá ’sní bhéidh go fóill
Ní fhuil sé acht uair ó d’éirigh ’n ghealach.
II
Chuir mé fhéin mo lámh ann mo phóca