Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0064

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Tá mé mo suidhe ó d’éirigh gealach" areir.
    Chualaidh sé an t-abhrán seo ag go leór daoine ar
    an bhaile d’iomaite de Róise Ní Dhuibheanaigh.
    I
    Tá mé mo shuidhe ó d’éirigh gealach aréir
    Ag cur teineadh síos ’s arist ’a fadughadh go géar.
    Tá bunadh a’ toighe uilig ’na luighe acht mé fhéin
    Tá na coiligh a‘ glaoidh, ’s ta’n saoghal 'na gcodhladh acht mé.
    II
    Is buachaill ón Éirne mé bhréagfadh cailín deas óg.
    Ní iarrfainn bo (de) spré léí, nó tá mé fhéin saidhbhir go leor
    Is liom Corcaigh a mhéad, dhá thaobh a’ ghleanna ’s Tír-Eoghain,
    'S mar n-athruigh mé beásaí, is liom Éire, acht Conndae Mhuigh Eó.
    III
    Acht go bé ’n t-ól bhéadh cóta deas ar mo dhruim,
    Stocaí 'gus bróga, agus cró maith seasgair do’n chloinn
    Acht ’s iad na mnaibh óga a mheabhruigh ’n t-olc ann mo chionn,
    'S da leighfinn-se leobhtha, go deo nach mbainfeadh siad liom.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir