Imleabhar: CBÉ 0352
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0093](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0352%2FCBE_0352_0093.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0093
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- Seo abhran a fuair sí ó Róise Ní Duibheanaigh, agus ní fhuil sé le fághail acht ag cupla sean duine
de chuid na h-áite, amach ó go bhfuil sé ag cuidn mhór aois-óig.
é
[I]
A Mháire mhaiseach, a chailín is ór-bhuidhe ciabh,
No cad chuige nach molann tú bheith i gcomhnaidhe
triall,
Da mbéadh fhios agam go mbéadh bean ar bith beo gan bhiadh
'Sí bean a’ Chaiptín a bhéadh agam seal míosa ar sliabh.
[II]
Fóill! Fóill! a ghailltidh, dubhairt sí uair nó dhó,
Sin sgainnear nar thuill mise riamh go fóill
Teitheid de chailín a bhfuil ribíní ceangal a bróg,
Bheith siubhal curraigh (páirceanna) faoi thuirse le buachaill bó.
[III]
Nach deas mar dubhairt sise an fhaoileán bhán
Go rabh ’n h-aon de hart aici ’s cupla mám,
Muileat a’s cuileat ar luth na láimh,
'S go meallfadh sí ’n file le aon súil amháin.
[IV](leanann ar an chéad leathanach eile)