School: Páirc na Cille (roll number 13700)
- Location:
- Boherhallagh, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Tóláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Cille
- XML Page 247
- XML “Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SidheógaBhí fear ag teacht abhaile ó aonaigh oidhche amháin agus bhí sé ar meisge. Ar a bhealach abhaile chuala sé na sidheóga ag canntain. Bhíodar a radh “Dé Luain Dé Máirt, Dé Luain Dé Máirt” ar feadh tamall. Bhí an fear ag éisteacht agus “Dé Céadaoin” arsa an fhear. Bhí ionghnadh mhór ar na sidheóga agus thógadar isteach sa lios é. “Céard a dhéanfimíd leis an bhfear seo mar gheall ar an amhrán seo do (dheaman) dhéanadh dúinn” arsa na sidheoga. “Tóg an cruit dhe” arsa an ceann eile. Rinneadh amhlaidh, agus chuaidh sé abhaile chomh díreach lé slios. Bhí dearbhráthair aige go raibh cruit air freisin agus dubhairt sé leis dhul chuig na sidheóga chun é do bheith bainnte dhe.
Cúpla oidhche in a dhiaidh sin chuaidh an dara fear agus chuala sé na sidheóga ag canntain “Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin,” “agus Déardaoin, Dé h-Aoine agus Dé Satharn” arsa an bhfear. D’éirigh(continues on next page)