School: Páirc na Cille (roll number 13700)
- Location:
- Boherhallagh, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Tóláin
![The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 279](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0124%2FCBES_0124_279.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 279
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de na luaithre agus chrochadh siad in gach stábla cros beag. San oidhche d'fhágadh siad cóta mór taobh amuigh de'n doras chun go gcuirfheadh Naomh Brigidh uirthí é agus a bheith go te ar feadh na h-oidhche.
Lá Fhéile Éoin bhíonn ana spórt ag na páistí go léir ag bailiú bataí ag mónadh in aon charn amháin chun an teine chnámh atá lé bhieth acu an oidhche sin. Gheibheann buachaill amháin cnámh a bhíonn curtha i dtaisge aige lé cúpla lá roimhe sin. San oidhche lasann siad an teine agus bailigheann na páistí ón gceanntair thart air. Bíonn an spórt acu annsin ag béicuighadh agus ag iarraidh teine níos fearr ná an ceanntair eile a bheith acu. San am fadó thagadh na sean daoine chuige agus bíodh siad ag guidhe annsin ar feadh na h-oidhche acht ní thagann siad anois chor ar bith.- Collector
- Áine Ní Ruadháin
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Ó Níoláin
- Gender
- Male
- Address
- Larganmore, Co. Mayo